Airgead a sheoladh go gasta agus go sábháilte
Tá bealaí áisiúla sábháilte againn le hairgead a sheoladh sa bhaile nó thar lear, má tá bille le híoc agat, síntiús le tabhairt do charthanacht nó bronntanas le seoladh chuig gaolta nó cairde.
Aimsigh Oifig Poist
Airgead a sheoladh thar lear
Western Union
Le Western Union is féidir leat airgead a sheoladh go mear chuig níos mó ná 200 tír agus críoch. Féadfaidh faighteoirí an t-airgead a phiocadh suas ina n-airgeadra áitiúil laistigh de chúpla nóiméad. Tá aistrithe Western Union ar fáil i ngach oifig phoist sa tír. Úsáid aimsitheoir na n-oifigí poist. Seiceáil téarmaí agus coinníollacha Western Union.
Íosmhéid | Uasmhéid | Táille de bhreis ar an méid |
---|---|---|
€0 | €35 | €7.50 |
€35.01 | €65 | €10 |
€65.01 | €130 | €13.80 |
€130.01 | €250 | €20 |
€250.01 | €380 | €29 |
€380.01 | €510 | €36.80 |
€510.01 | €630 | €39 |
€630.01 | €950 | €43 |
€950.01 | €1,270 | €53 |
€1,270.01 | €1,590 | €63 |
€1,590.01 | €1,900 | €76 |
€1,900.01 | €2,200 | €82 |
€2,200.01 | €2,540 | €91 |
€2,540.01 | €3,170 | €101 |
€3,170.01 | €3,820 | €126 |
€3,820.01 | €4,470 | €151.50 |
€4,470.01 | €5,120 | €177 |
€5,120.01 | €5,770 | €202.50 |
€5,770.01 | €6,000 | €227.50 |
- Le haghaidh gach €650 breise nó codán de os cionn €12,920, cuir €25 leis an muirear
- Cosnaíonn teachtaireacht bhreise €1.50 le haghaidh aon go 10 focal.
- Le haghaidh teachtaireachtaí níos faide ná 10 bhfocal, cuir 50c an focal leis.
- Fógra teileafóin €2.50
- Seachadadh fisiceach €10.00
- Athrú ar ainm €12.50
Ordú Airgid Poist
Íosmhéid | Uasmhéid | Táille de bhreis ar an méid |
---|---|---|
€0.60 | €15 | €2.00 |
€15.01 | €30 | €3.50 |
€30.01 | €130 | €4.50 |
€130.01 | €650 | €5.50 |
Ag seoladh airgid sa bhaile
Is féidir Ordú Airgid Poist nó Western Union a úsáid le hairgead a sheoladh in Éirinn. Le hOrdú Airgid Poist is féidir leat:
- Billí a íoc
- Siopadóireacht le hordú poist a dhéanamh
- Síntiús a thabhairt do charthanacht
- Bronntanais airgid a sheoladh sa phost
Le haghaidh aistriú láithreach airgid, úsáid Western Union Maidir le haon cheann de na seirbhísí seo, fiosraigh in aon oifig phoist.
Tá an tseirbhís Ordú Airgid Poist á soláthar ag An Post de réir Alt 68 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983.
Is gníomhaí de chuid Western Union Payment Services Ireland Limited (WUPSIL) é An Post
Tá WUPSIL rialaithe ag Banc Ceannais na hÉireann le seirbhísí íocaíochta a sholáthar.